Fáilte go dtí an Instititiúid Teicneolaíochta, Sligeach, Éire

Tá ionad úr, bríomhar staidéir ar fáil ag IT, Sligeach. Idir imeachtaí spóirt den scoth agus saol sóisialta bríomhar sna hoícheanta is iontach an rud é tréimhse mar mhac léinn a chaitheamh san iar-thuaisceart.

Tá ár gcláracha acadúla nualach agus solúbtha agus is féidir tosnú agus críochnú ag réimse de leibhéil éagsúla ag brath ar na roghanna a dhéanann tú. Tá idir fhoireann agus mhic léinn cáirdiúil agus fáilteach – cuir ceist ar aon mhac léinn atá anseo faoi lathair. Baineann ár gcláracha le saol an lae inniu agus le cúrsaí oibre. Réiteoidh tréimhse staidéir ag IT, Sligeach thú don mhargadh fostaíochta.

Thar aon rud eile, said riachtanais ár mic léinn ár gcéad chúram. Tá sé tábhachtach dúinn go mbainfidh tú sult agus taitneamh as do thréimhse linn. Cuirfidh tú do chroí i do chuid oibre agus i do chuid spraoi agus beidh am iontach agat mar mhac léinn. Nuair a bhronnfar do theastas ort beidh cháilíocht luachmhar agat agus tú ag dul i mbun oibre.

Tá súil agam go mbeidh an teolas sna leathanaigh seo úsáideach duit agus tú ag tógáil ceann de na cinntí is tábhachtaí i do shaol. Má bhíonn aon cheist faoi IT, Sligeach agat nó má tá tú ag iarraidh aon rud a phlé le duine ar an bhfoireann anseo, bí cinnte agus glaoch a chur orainn. Tabharfaimid gach cabhair duit. Sin an fáth go bhfuilimid anseo!